Ní fhaca Trixie ná Tony a leithéid de chás riamh – capall rása atá ag iarraidh an lá a chaitheamh ina codladh! Luas Lasrach is ainm don chapall agus tá go leor rásanna buaite aici romhe seo. Ach an mbeidh sí in ann páirt a ghlacadh sa rás is mó ar fad – An Corn Óir? Agus an mbeidh Trixie in ann a fháil amach cén fáth go bhfuil a oiread tuirse uirthi?
An original and funny premise: Tony the absent-minded vet thinks he’s in charge, but the practise is really run by his dog, Trixie. Children will love this world of animal adventures
Faoin Scríbhneoir:
Seo é an tríú leabhar sa tsraith seo ón scríbhneoir Gaillimheach,
Patricia Mac Eoin. Tógadh Patricia cois farraige, i gCinn Mhara, Co.
na Gaillimhe ach tá cónaí uirthi faoi láthair i gcathair mhór na Bruiséile,
sa Bheilg. Tá deirfiúr léi ina tréidlia i gcathair na Gaillimhe agus is minic
a thug Patricia cuairt ar a clinic. Ba ansin a fuair sí an ionspioráid
do na carachtair sa tsraith seo (cé nach bhfuil a deirfiúr pioc
cosúil le Tony, ar ndóigh!)
Faoin Maisitheoir:
Maisitheoir is ea Richard Watson a raibh peann luaidhe ina lámh aige i gcónaí agus é ina bhuachaill óg. Chaith sé an t-am go léir ag tarraingt pictiúr ar a chóipleabhar ar scoil…pictiúir d’ainmhithe go háirithe. Agus sin atá sé fós ag déanamh… ach ag maisiú leabhar galánta do pháistí atá sé anois!

Seidean Si IT576 R4 Seo, Siud agus Eile 


