Book Description
Beidh páistí réamhscoile meallta ag na carachtair áille.
Leabhair chairtchláir – breá láidir do na daoine beaga!
Níl mórán béime leagtha ar fhoilseacháin réamhscoile ag foilsitheoirí Gaeilge –
tá an-éileamh ar leabhair den chineál seo.
Faoin Údar:
Is é stiúrthóir Futa Fata, Tadhg Mac Dhonnagáin, a scríobh na leabhair seo.
Tá cúlra láidir aige sa réimse réamhscoile. D’oibrigh sé mar mhúinteoir bunscoile,
ag múineadh naíonáin bheaga, chuir sé clár réamhscoile,
‘Dilín o Deamhas’ i láthair ar RTÉ. Tá an-mheas ar shaothar an mhaisitheora
Steve Simpson –obair na gcapall déanta aige do Futa Fata,
Séideán Sí agus eile in Éirinn, Scholastic i Meiriceá agus foilsitheoirí
eile i Sasana agus eile.
Faoin Maisitheoir:
Tá an-mheas ar shaothar an mhaisitheora Steve Simpson – obair na gcapall
déanta aige do Futa Fata, Séideán Sí agus eile in Éirinn, Scholastic i
Meiriceá agus foilsitheoirí i Sasana agus eile.
Teideal eile sa tsraith: Cá bhfuil Teidí? / Cloisim rud éigin! / Bog Chun Siúil!