An tEolaí Óg: Sa Ghairdín: Lán le turgnaimh spéisúla, beidh deis
ag an t-eolaí óg triail a bhaint as gach rud idir phlandaí a chur ag fás agus
mhuilleann gaoithe a chur ag séideadh.
Cur Síos
Spreagfaidh an tsraith spéisúil seo eolaithe óga sa bhaile tríd an réimse
leathan imeachtaí agus turgnaimh atá le fáil ann.
Ceithre leabhar ar an iomlán atá sa tsraith seo, a bhreathnaíonn ar an eolaíocht
i mbealaí éagsúla. Leabhar suimúil agus spraoiúil d’aon ábhar eolaí!
Seo hiad na ceithre leabhar sa tsraith:
Sa Ghairdín / Sa Chistín
Spraoi le hUisce / Mo Chorp
An tÚdar
Ball d’fhoireann Sky News ab ea í Lisa Burke, mar láithreoir aimsire agus
eolaíochta ó 2000-2010. Roimhe sin, bhain sí MA amach ó Ollscoil
Cambridge san Eolaíocht Nádúrtha. Mhair a spéis san eolaíocht i gcónaí agus bhí sí
ina moltóir don Aventis General Prize for Science Books.
Cuireann sí faoi i Londain agus Abu Dhabi agus tá sí pósta le beirt eolaí óg dá cuid féin aici!
LEABHAIR PHÁISTÍ ÉIREANN LÉIRMHEAS
INTO REVIEW: Spreagfaidh an tsraith spéisúil seo eolaithe óga sa bhaile agus sa seomra ranga tríd an réimse
leathan imeachtaí agus turgnamh atá ar fail ann.Sa Ghairdín-Lá le turgnaimh spéisiúla, beidh deis ag an eolaí óg triail a bhaint
as gach rud idir phlandaí a chur ag fás agus mhuileann gaoithe a chur as séideadh.