Cur Síos
Spreagfaidh an tsraith spéisúil seo eolaithe óga sa bhaile tríd
an réimse leathan imeachtaí agus turgnaimh atá le fáil ann.
Ceithre leabhar ar an iomlán atá sa tsraith seo, a bhreathnaíonn
ar an eolaíocht i mbealaí éagsúla.
Leabhar suimúil agus spraoiúil d’aon ábhar eolaí!
Seo hiad na ceithre leabhar sa tsraith:
Sa Ghairdín / Sa Chistín
Spraoi le hUisce / Mo Chorp
An tEolaí Óg: Mo Chorp: Foghlamóidh do pháiste faoi na cúig céadfaí
sa leabhar seo agus beidh deis acu dul i dtaithí orthu tríd imeachtaí suimúla.
An tÚdar
Ball d’fhoireann Sky News ab ea í Lisa Burke, mar láithreoir aimsire agus
eolaíochta ó 2000-2010. Roimhe sin, bhain sí MA amach ó Ollscoil
Cambridge san Eolaíocht Nádúrtha. Mhair a spéis san eolaíocht i gcónaí agus bhí sí
ina moltóir don Aventis General Prize for Science Books.
Cuireann sí faoi i Londain agus Abu Dhabi agus tá sí pósta le beirt eolaí óg dá cuid féin aici!