Cur Síos
Spreagfaidh an tsraith spéisúil seo eolaithe óga sa bhaile tríd an réimse
leathan imeachtaí agus turgnaimh atá le fáil ann. Ceithre leabhar ar an iomlán
atá sa tsraith seo, a bhreathnaíonn ar an eolaíocht i mbealaí éagsúla.
Leabhar suimúil agus spraoiúil d’aon ábhar eolaí!
Seo hiad na ceithre leabhar sa tsraith:
Sa Ghairdín / Sa Chistín
Spraoi le hUisce / Mo Chorp
An tÚdar
Ball d’fhoireann Sky News ab ea í Lisa Burke, mar láithreoir aimsire agus
eolaíochta ó 2000-2010. Roimhe sin, bhain sí MA amach ó Ollscoil Cambridge
san Eolaíocht Nádúrtha. Mhair a spéis san eolaíocht i gcónaí agus bhí sí ina moltóir
don Aventis General Prize for Science Books. Cuireann sí faoi i Londain agus Abu Dhabi
agus tá sí pósta le beirt eolaí óg dá cuid féin aici!
LEABHAIR PHÁISTÍ ÉIREANN LÉIRMHEAS
Tá flapaí le hardú chun firicí a léamh mar shampla, agus tá an foclóirín agus an liosta siopadóireachta
ag deireadh an leabhair úsáideach.
Is grianghraif iad an mhórchuid de na léaráidí agus tá siad an-tarraingteach ar fad.[MNicC] CBI