Is leabhar spleodrach é Smuf a thug uchtach dom agus mé á léamh gur féidir litríocht den chéad scoth a chur ar fáil i nGaeilge aoibhinn bhlasta do pháistí óga. Scéal é seo faoi mhadra darb ainm Smuf a bhíonn ag cothú trioblóide i ngan fhios dó féin. Mar reacaire tá Smuf bocht iomlán aineolach faoina dhiabhlaíocht féin, rud a thugann sásamh thar cuimse don léitheoir ‘sofaisticiúil’. Bhraitheas ar an dara léamh gur cineál fabhalscéil atá i gceist sa leabhar agus go n-aimsímid cuid dár mianta agus dár n-éiginnteacht féin i Smuf. Mar sin is scéal é a oibríonn ar an-chuid leibhéal.
Tréaslaím leis an údar Alan Titley as seoid na samhlaíochta a phreabann ó chuile leathanach. Cuid lárnach den leabhar é an éacht atá déanta ag an maisitheoir Peter Donnelly. Tagann na léaráidí go díreach le hatmaisféar an leabhair. Tá dánaíocht den scoth fite fuaite tríd an leabhar. Baintear sult agus greann as eachtraí Smuif agus é caite amach ó bhaile. Is laoch é Smuf a rug greim ar mo chroí agus creidim go líonfaidh sé croíthe páistí le grá agus le haoibhneas. Thar aon ní eile áfach, chuaigh teanga an leabhair seo go mór i bhfeidhm orm. Tá imeartas de gach saghas ar siúl maidir le fuaimfhoclaíocht . Leabhar den chéad scoth é seo. Ceannaígí é!