Product Description
‘Tá an chuma ort, a Chonchúir, go bhfuil saoire ag teastáil uait. Deireadh seachtaine fada, b’fhéidir. Thar lear. I bpríomhchathair éigin – Amstardam, b’fhéidir. Is ea, Amstardam, déarfainn – Van Gogh, Rembrandt, na canálacha, na rothair – d’ardóidís do chroí. Agus, fad atá tú ann, féadfaidh tú gar beag a dhéanamh dom …’ Fear óg míchiallmhar is ea Conchúr atá tar éis ligean don chearrbhachas an lámh in uachtar a fháil air. Tá sé báite i bhfiacha – lena mhuintir, lena chairde agus anois le coirpeach gránna. Níl pingin rua ag Conchúr leis an gcoirpeach a íoc, mar sin caithfidh sé gar a dhéanamh dó chun na fiacha a ghlanadh. Agus mura ndéanann sé an gar sin is léir nach go caoin ceansa a chaithfear leis ach a mhalairt ar fad!
Úrscéal a bhéarfaidh greim ort! Foilsithe mar chuid den tionscadal, Séideán Sí.
Chonchuir keeps borrowing money from family and friends, he blows it all on the bookies and poker. He’s heavly in debt to a crime boss and time is running out. The only way out is to do what tthey tell him, f he doesn’t, he knows the consequences. Part of the Seidean Si Project