“Tá sé bainte amach againn!” a bhéic mé. “Tá muid ann!
An Mol Thuaidh! Tá muid ar bharr an domhain! Is muidne na chéad daoine a leag cos anseo ó thús an tsaoil.”
Is beag a shamhlaigh Matthew Henson, agus é ar a theitheadh ó theach a leasmháthar in aois a aon bhliain déag, go mbeadh saol aige a bheadh lán le heachtraíocht agus le taiscéalaíocht.
Is cinnte nár shamhlaigh sé go mbeadh sé ar an gcéad duine riamh le taisteal chomh fada leis an Mol Thuaidh.
Ina ainneoin sin ar fad, ba bheag meas a léiríodh air agus é sa bhaile i Meiriceá. Cén fáth sin?
Mar gheall ar dhath a chraicinn.