Book Description
Lísín – ag caitheamh gúna bándearg?
Ní féidir! Ach i ndráma bliantúil Scoil na Páistí Deasa caithfidh
Lísín gléasadh mar bhanphrionsa.
Ach nuair a fheiceann sí go bhfuil timpiste uafásach art í tarlú,
ar an gcéad oíche den seó, tuigeann na banphrionsaí bándearga eile nach
aon drochrud é foghlaí mara a bheith ina measc…
Leabhair do léitheoirí neamhspléacha
Is foghlaí mara í Lísín agus is breá léi a saol.
Ach anois tá sí curtha ar scoil na bPáistí Deasa.
Tá páistí na scoile sin an-ghalánta go deo!
Bíonn siad ag déanamh iontais de Lísín agus a cuid nósanna deasa.
Ach is minic go mbíonn Lísín in ann rudaí a mhúineadh do na páistí deasa
– agus do na múinteoirí chomh maith!
Faoin Údar
Tá rath mór ar Patricia Forde mar údar do pháistí, i mBéarla agus i nGaeilge.
D’fhoilsigh O’Brien Press leabhair dá cuid cheana agus le dhá bhliain anuas,
tá sraith tagtha dá cuid taghta ó Egmont, i Londain.
Faoin Maisitheoir
Is maisitheoir Fraincís í Joëlle Dreidemy, atá lán le fuinneamh agus smaointe!
Tá sí ina cónaí i bPáras agus an-ghnóthach ag obair le foilsitheoirí go leor ar fud
an domhain le haghaidh phictiúr leabhair, irisí, cártaí beannachta, …
Múineann sí freisin léiriú sa scoil cáiliúil Emile Cohl áit a fuair sí a dioplóma i 2004.