Product Description
Úrscéal sa tsraith ‘Cleite’ don aoisghrúpa 7+ faoi fhoghlaí mara beag, agus a chuid cairde.
A leithéid de thubaiste! Bhí piléar mór tar éis poll a chur sa seol mór! ‘A Chaptaein Plúr, tabhair dúinn d’órchiste nó cuirfimid go tóin poill thú!’ Tháinig creathán ar Chleite nuair a d’aithin sé glór gránna an Chaptaein Féasóg Bhearrtha. ‘Órchiste?’ arsa an Captaen Plúr. ‘Cén t-órchiste?’
Cén t-órchiste atá á lorg ag an gCaptaen Féasóg Bhearrtha? Agus Mama Plúr ag súil le páiste! Tá Muintir Phlúir i mbaol, ach cé a thiocfaidh i gcabhair orthu?
Foghlaí mara maith é Cleite. Tá sé ina chónaí lena mhuintir ar fad ar an long foghlaí mara, an Bolg Lán. Nuair nach mbíonn sé ag obair ar an long, caitheann sé an lá ag cuardach órchistí, nó ag spraoi lena chairde Crúca Beag agus Péarla.
Leabhar eile sa tsraith: Oileán na bPéarlaí
Cleite’s father and mother are always fighting. His friend, Little Hook advises him to go in search of a treasure on the Island of the Seven Heads. ‘If you find treasure,’ he says, ‘Your parents will throw a big party and they’ll be friends again. ‘ ‘Do you think so?’ Cleite asks.
Cleite, of course, is a good pirate. He lives with his family all on the pirate ship, The Full Belly. When he is not working on the ship, he spends the day searching for treasure, or playing with his friends, Little Hook and Pearl.