Nuair a bheirtear páiste do bhanríon na tíre, tá sí féin agus an rí an-bhuartha: tá cluasa capaill ar an bpáiste. An nglacfaidh muintir na tíre lena mac, Labhraí?
An mbeidh sé in ann a rún aisteach a choinneáil ar feadh a shaoil, fiú nuair abheidh sé féin ina rí ar an tír?
Seanscéal é seo faoin misneach a theastaíonn uaireanta leis an fhírinne a insint, is cuma céard a cheapann daoine eile.