Bhí clú agus cáil ar Dhónall Ó Conaill lena linn féin. Bhí sé de theist air gur shábháil sé daoine ón gcroch agus é ina dhlíodóir óg cumasach. Sheas sé in aghaidh na sclábhaíochta agus gach saghas cos ar bolg. Rinne sé é sin trí mhodhanna siochánta a úsáid – cé gur mharaigh sé fear i gcomharc aonair. Tugadh ‘An Fuaiscailteoir’ air toisc gur sheas sé an fód ar son Chaitlicigh na hÉireann, daoine bochta nach raibh mórán cearta acu – agus d’éirigh leis.
Bhí sé ina laoch i measc na ndaoine. Bhí ardmheas ag an gcosmhuintir air agus d’insítí scéalta faoi cois teallaigh, Scéalta a bhí fite fuaite le háibháil, uaireanta.
Ní haon iontas é gur tugadh ‘Rí Dónall’ air!
Seo Scéal faoi dhuine de na daoine ba dhosháraithe agus b’iomráití a bhí riamh ann: Dónall Ó Conaill.
Daniel O’Connell was a huge celebrity in his time. A brilliant barrister, he protested against every kind of oppression, but all by peaceful means – though he did kill a man in a duel. He was called ‘The Liberator’ after he fought for the Catholics of Ireland who had hardly any rights – ‘and won’.
This is the story of the most remarkable men who ever lived: Daniel O’ Connell.onnell.